Do chéad fáilte go Séideán Sí
Tá raon áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar an suíomh seo atá bunaithe ar a bhfuil ar fáil cheana sa chlár clóite agus ar forbairt iad ar ghnéithe ar leith den chlár sin.
Tagann an cúrsa leis an gcur chuige atá leagtha síos i gCuraclam na Bunscoile – Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar na ceithre scil:
éisteacht
labhairt
léitheoireacht
scríbhneoireacht











