Príobháideachas
Tá CCEA tiomanta do mheas a léiriú ar d'fhaisnéis phearsanta agus í sin a chosaint. Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo cad é a tharlaíonn i dtaca le sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn nó a bhailíonn muid uait nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo.
An tAcht um Chosaint Sonraí
Faisnéis ar bith a thugann tú, coinneofar slán agus de réir an Acht um Chosaint Sonraí í. Tá dualgas dlíthiúil ar CCEA aon fhaisnéis a bhailítear uait a chosaint.
Eolas a bhailíonn muid
Agus an suíomh seo á reáchtáil agus á chothabháil againn, is féidir go ndéanfaidh muid na sonraí seo a leanas fút a bhailiú agus a phróiseáil:
- eolas a thugann tú nuair a dhéanann tú cumarsáid linn trí mhodh ar bith (mar shampla trí ríomhphost a sheoladh chugainn);
- eolas a thugann tú nuair a chomhlánaíonn tú suirbhéanna ar líne; agus / nó
- eolas faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo, trí úsáid a bhaint as fianáin agus as teicnící clibeála leathanach, JavaScript san áireamh.
Úsáid na bhfianán
Is féidir go mbaileoidh muid eolas faoi d'úsáid ghinearálta idirlín trí úsáid a bhaint as fianáin. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi na fianáin, an dóigh a n-úsáideann muid iad agus an dóigh leis na fianáin a bhainistiú ar do ríomhaire féin a léamh anseo.
Cuairt ar an suíomh gréasáin Séideán Sí ó shuíomh eile
Nuair a sheoltar chuig an suíomh gréasáin Séideán Sí thú ó shuíomh eile, is féidir go bhfaighidh CCEA faisnéis phearsanta a bhaineann leat ón suíomh (ó na suímh) eile. Ba chóir duit polasaithe príobháideachais na suíomh sin a léamh, mar gurb iad sin a rialóidh an úsáid a bhainfear as aon fhaisnéis phearsanta a sholáthróidh tú agus a chuirfear ar fáil ina dhiaidh sin do CCEA.




