Ag siopadóireacht le Mamaí

Ceart go
leor.

'Táim ag dul go dtí an siopa anois, a Róisín,'
arsa Mamaí. 'Cas amach an teilifís'.

Chuir Róisín cóta bándearg uirthi féin.
Chuir Mamaí cóta gorm uirthi féin.

Is maith liom
dul ag
siopadóireacht.

Thiomáin Mamaí go dtí an siopa.

Isteach le Mamaí agus Róisín sa siopa.
Bhí a lán rudaí deasa ann.

D'fhéach Mamaí ar a liosta.
D'fhéach Róisín ar na milseáin!

A Mhamaí!
A Mhamaí!
Cá bhfuil tú?

Bhí Róisín bocht caillte. Bhí sí ag gol.

Go raibh maith agat.

Fuair an siopadóir Mamaí.

Go raibh maith agat.

Thug sé milseáin do Róisín.
Bhí áthas ar Róisín ansin.

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com