An gadaí beag

Tá ocras orm.

'Tá ocras orm,' arsa Liam leis féin.

'Á,' arsa Liam, 'ní bhainfidh siad sin an
t-ocras díom. Ní fhéadfainn sáspan a ithe.'

'Á,' arsa Liam, 'ní bhainfidh siad sin an
t-ocras díom. Ní fhéadfainn mugaí a ithe.'

'Á,' arsa Liam, 'ní bhainfidh siad sin an
t-ocras díom. Ní fhéadfainn cannaí a ithe.'

'Tá sé seo níos fearr,' arsa Liam. 'Mar sin féin ní fhéadfainn siúcra, salann ná piobar a ithe.'

'Á! Bingó!' arsa Liam. 'Calóga arbhair, brioscaí agus císte seacláide!'

'D'fhéadfainn císte seacláide a ithe!,' arsa Liam.

'Is dóigh liom go raibh gadaí beag anseo aréir,' arsa Mamaí.

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com