An tusa mo Mhamaí?

"A Mhamaí!
A Mhamaí!
Cá bhfuil tú?

Tháinig an sicín amach as an ubh.
Ní raibh a Mhamaí ann.

Chonaic sé madra. 'An tusa mo Mhamaí?'
arsa an sicín. 'Ní mé,' arsa an madra.

Is mise an madra.
Bhuf. Bhuf. Bhuf.

Chonaic sé bó. 'An tusa mo Mhamaí?'
arsa an sicín. 'Ní mé,' arsa an bhó.

Is mise an bhó.
Mú-ú-ú.

"A Mhamaí!
A Mhamaí!
Cá bhfuil tú?

Thit an sicín isteach i lochán uisce.
Bhí sé fliuch salach.

Is mise Áine.
Is cailín mé.

Chonaic sé cailín. 'An tusa mo Mhamaí?'
arsa an sicín. 'Ní mé,' arsa an cailín.

Chonaic siad buachaill. 'A Sheáin,' arsa Áine.
'An bhfuil a fhios agat cé hí a Mhamaí seo?'
'Tá a fhios agam,' arsa Seán.

Tar anseo
chugam, a stór.

Thug Seán an sicín ar ais go dtí
an chircín dhubh. 'An tusa mo Mhamaí?'
arsa an sicín. 'Is mé,' arsa an chircín dhubh.

Tá mo Mhamaí
agam. Tsíp.
Tsíp. Tsíp.

Bhí áthas ar an sicín anois.

Obair ealaíne © Peter Donnelly
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com