Éadaí Liam

Gléasfaidh mé
mé féin.

Léim Liam amach as an leaba agus d'oscail
sé an doras. 'Tá gach uile dhuine ina gcodladh,'
ar seisean leis féin.

Chuir Liam air a bhríste gorm.
'Tá mo bhríste gorm go deas,' ar seisean.

Ansin chuir Liam air a gheansaí dearg.
'Tá mo gheansaí dearg go deas,' ar seisean.

Ach cá bhfuil an
stoca buí eile?

'Cuirfidh mé orm mo chuid
stocaí anois,' arsa Liam.

Á, is cuma faoin
stoca buí.

'Cuirfidh mé stoca dearg orm,' arsa Liam.

Ach is maith
liom na
héadaí seo.

'Is lá scoile atá ann inniu, a Liam,' arsa Daidí.
'Caithfidh tú d'éide scoile a chur ort.'

Chuir Liam air a éide scoile.

'Tá mo chuid stocaí go deas,' arsa Liam.
'Ní bhainfidh mé díom iad.'

Maith an
buachaill.

Bhí Daidí sásta le Liam.

'Suigh síos agus ith do bhricfeasta,' arsa Daidí.

'Tá tú gléasta go deas don scoil,' arsa Daidí.

'Ach ní fhaca Daidí na stocaí a bhí ar Liam.
Agus is maith an rud nach bhfaca!

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com