Rírá i Seomra na Naíonán

Bhí sé a dó a chlog. Amach leis na páistí.

Léim na bréagáin amach as na boscaí.
Bhí rírá agus ruaille buaille ann!

'Éist,' arsa Taimín Teidí. 'Tá duine éigin ag teacht.'

Léim na bréagáin isteach sna boscaí.

Isteach leis an múinteoir. 'Tut tut tut,'
ar sise. 'Tá an áit seo ina chiseach.'

Rug an múinteoir ar Learaí Leoraí
agus chaith sí isteach sa bhosca é.

Ó! Ghortaigh tú
mo chloigeann.

Tá an áit seo ina chiseach.

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com