Ar Maidin

Ghléas Seán é féin ar maidin.

Nach é atá go deas!

Chuir sé bríste ar a chloigeann.

Tá a léine droim ar ais.

Chuir sé geansaí ar a chosa.

Chuir sé scaif ar lámh amháin.

Ba mhaith liom dul amach anois.

'Táim gléasta!,' arsa Seán.

Obair ealaíne © Steve Simpson
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com