Bróga Cháit

Cheannaigh Mamaí bróga do Cháit.

Nach deas na bróga iad!

Thug an siopadóir balún do Cháit.

Go raibh maith agat.

Suas san aer leis an mbalún.
Suas, suas, suas.

Mo bhalún! Mo bhalún!

'Ó, a Cháit, do bhróga nua!'
arsa Mamaí. 'Tá siad salach.'

Ó, a Mhamaí, mo bhalún.

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com