Cáit sa Chistin

'Tá ocras orm,' arsa Cáit.

Caithfidh mé banana a fháil.

'Tá tart orm,' arsa Cáit.

Caithfidh mé sú oráiste a fháil.

Chonaic Cáit bosca seacláide. D'oscail sí é.

Mmm, seacláid. Tá sé seo go deas.

D'oscail Cáit an doras agus amach léi.

Á, a Cháit!

Obair ealaíne © The Cartoon Saloon
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com