Mo Phictiúr

Rinne mé pictiúr ar scoil inné.
Seo iad na dathanna a d'úsáid mé.

Buí ar na bláthanna.

Gorm ar an spéir.

Liath ar an uisce.

Glas ar an bhféar.

Bán ar na ballaí.

Dubh ar an díon.

Dearg ar na fuinneoga ...

... agus oráiste ar an ngrian.

bán

dubh

liath

gorm

oráiste

buí

dearg

glas

Obair ealaíne © Peter Donnelly
Taifeadadh agus digitiú: leighleat.com