Príobháideachas

Tá CCEA tiomanta do mheas a léiriú ar d'fhaisnéis phearsanta agus í sin a chosaint. Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo cad é a tharlaíonn i dtaca le sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn nó a bhailíonn muid uait nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo.

An tAcht um Chosaint Sonraí

Faisnéis ar bith a thugann tú, coinneofar slán agus de réir an Acht um Chosaint Sonraí í. Tá dualgas dlíthiúil ar CCEA aon fhaisnéis a bhailítear uait a chosaint.

Eolas a bhailíonn muid

Agus an suíomh seo á reáchtáil agus á chothabháil againn, is féidir go ndéanfaidh muid na sonraí seo a leanas fút a bhailiú agus a phróiseáil:

  • eolas a thugann tú nuair a dhéanann tú cumarsáid linn trí mhodh ar bith (mar shampla trí ríomhphost a sheoladh chugainn);
  • eolas a thugann tú nuair a chomhlánaíonn tú suirbhéanna ar líne; agus / nó
  • eolas faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo, trí úsáid a bhaint as fianáin agus as teicnící clibeála leathanach, JavaScript san áireamh.

Úsáid na bhfianán

Is féidir go mbaileoidh muid eolas faoi d'úsáid ghinearálta idirlín trí úsáid a bhaint as fianáin. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi na fianáin, an dóigh a n-úsáideann muid iad agus an dóigh leis na fianáin a bhainistiú ar do ríomhaire féin a léamh anseo.

Cuairt ar an suíomh gréasáin Séideán Sí ó shuíomh eile

Nuair a sheoltar chuig an suíomh gréasáin Séideán Sí thú ó shuíomh eile, is féidir go bhfaighidh CCEA faisnéis phearsanta a bhaineann leat ón suíomh (ó na suímh) eile. Ba chóir duit polasaithe príobháideachais na suíomh sin a léamh, mar gurb iad sin a rialóidh an úsáid a bhainfear as aon fhaisnéis phearsanta a sholáthróidh tú agus a chuirfear ar fáil ina dhiaidh sin do CCEA.

Nascadh le suíomh eile

Ní chuirfear eolas ar bith a sholáthraíonn tú do CCEA ar aghaidh chuig suíomh ar bith eile. Tá naisc ar an suíomh gréasáin Séideán Sí, áfach, le suímh eile. Nuair a leanann tú ceann de na naisc seo, cuimhnigh nach mbaineann an Polasaí Príobháideachais seo ach leis an suíomh Séideán Sí amháin. Ba chóir duit ráiteas (ráitis) Príobháideachais a bhaineann le suíomh/suímh ar bith eile a d'fhéadfadh faisnéis phearsanta a bhailiú fút féin a léamh chomh maith.

An dóigh a n-úsáideann CCEA an fhaisnéis a bhailíonn sé fút

Is féidir go n-úsáidfidh CCEA d'fhaisnéis phearsanta ar na dóigheanna seo a leanas:

  • le heolas a iarrann tú orainn faoinár dtáirgí nó faoinár seirbhísí a sholáthar duit;
  • le heolas a sholáthar duit faoi tháirgí eile a bhféadfadh suim a bheith agat iontu (ach tú aontú go nglacfaidh tú lena leithéid d'eolas)
  • le tú a chur ar an eolas faoi athruithe ar ár suíomh gréasáin, seirbhísí, nó earraí agus táirgí; agus/nó
  • leis na seirbhísí atá ar shuímh ghréasáin CCEA a anailísiú agus a fheabhsú.

Teagmháil

Ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn faoi cheist ar bith a bhaineann leis an Pholasaí Príobháideachais seo.